⚖ Téarmaí Úsáide
🪧 1. Maidir leis na Téarmaí Úsáide seo
Fáilte go Sionnach Solutions!
Nuashonraithe go deireanach: 21 Samhain 2021
Is sinne 9196692 Canada Inc., ag feidhmiú mar Sionnach Solutions.
Tá feidhm ag na Téarmaí Úsáide seo maidir le húsáid an tsuímh ghréasáin seo, is cuma conas a fhaigheann tú rochtain air. Léigh na Téarmaí Úsáide seo go cúramach, le do thoil, sula leanfaidh tú ar aghaidh.
Féadfaimid, am ar bith agus gan fógra, deireadh a chur le do rochtain ar an suíomh gréasáin seo nó leis an úsáid a bhaineann tú as. Má dhéanaimid amhlaidh, níl sé de cheart agat aon éileamh ná éilimh a dhéanamh inár gcoinne.
✅ 2. Toiliú leis na Téarmaí Úsáide
Tríd an suíomh gréasáin seo a úsáid, aontaíonn tú leis na Téarmaí Úsáide seo.
Mura n-aontaíonn tú leis na Téarmaí Úsáide seo, ná húsáid an suíomh gréasáin seo, le do thoil. Nuashonraíodh na Téarmaí Úsáide seo go deireanach ar an dáta a thaispeántar ag an mbarr. Féadfaimid na Téarmaí Úsáide seo a athrú am ar bith trí leagan nuashonraithe a phostáil ar ár suíomh gréasáin, agus mar sin b'fhéidir gur mhaith leat é a sheiceáil sula n-úsáideann tú an suíomh gréasáin seo. Ní fhéadfaidh tú an suíomh gréasáin seo a úsáid ach amháin chun críocha dlíthiúla.
✔ 3. Ár ndliteanas
Níl aon ní sna téarmaí seo a theorannaíonn ár ndliteanas maidir le bás nó díobháil phearsanta a eascraíonn as faillí, calaois nó míléiriú calaoiseach ar ár dtaobh, ná maidir le haon ní nach féidir linn a eisiamh ná a theorannú de réir dlí.
Cuirimid an suíomh gréasáin ar fáil saor in aisce agus ar bhonn “mar atá”.
Dá bhrí sin, a mhéid a cheadaítear le dlí, (a) séanaimid aon bharántaí, sainráite nó intuigthe, agus (b) seachas mar atá leagtha amach thuas, nílimid faoi dhliteanas i leith aon chaillteanais nó damáiste — díreach nó indíreach, agus cibé acu a eascraíonn sé as conradh, as tort nó ar shlí eile — fiú má cuireadh ar an eolas sinn go bhféadfadh an caillteanas nó an damáiste sin tarlú.
Ní dhéanann na teorainneacha seo difear do do chearta reachtúla faoin Acht um Chosaint Tomhaltóirí 2007, más infheidhme, ná faoi aon dlíthe a thagann ina áit. Más mian leat comhairle neamhspleách faoi do chearta, is féidir leat labhairt le Faisnéis do Shaoránaigh nó leis an Ionad Eorpach do Thomhaltóirí.
📨 4. Má bhíonn orainn labhairt leat
Ó am go chéile, seans go mbeidh orainn teagmháil a dhéanamh leat faoi do chuntas úsáideora. De ghnáth, déanfaimid é sin trí ríomhphost, agus sin é an fáth a mbeidh seoladh ríomhphoist bailí de dhíth orainn uait má aontaíonn tú cuntas úsáideora a chruthú tríd an suíomh gréasáin.
📧 5. Má bhíonn ort labhairt linn
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn trínár leathanach Déan Teagmháil Linn ar an suíomh gréasáin.
💾 6. Monatóireacht ar ghlaonna gutháin agus ar ríomhphoist
Féadfaimid monatóireacht a dhéanamh ar ár nglaonna agus ar ár ríomhphoist agus iad a thaifeadadh, ionas gur féidir linn a fháil amach cá bhfuil feabhas le cur againn agus a sheiceáil go bhfuilimid ag cloí lenár ngnáthchleachtais agus lenár ngnáthnósanna imeachta.
© 7. Fógra cóipchirt
Mura sonraímid a mhalairt go sainráite, is linne i gcónaí an cóipcheart agus aon chearta maoine intleachtúla eile, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, cearta dearaidh, trádmharcanna agus paitinní, a fheictear in aon áit ar an suíomh gréasáin seo, cibé acu is linn féin iad nó atá siad faoi cheadúnas againn.
Ní fhéadfaidh tú aon chuid den ábhar ar an suíomh gréasáin seo a úsáid ar mhaithe le do chuspóirí tráchtála féin gan ár gcead i scríbhinn roimh ré, cibé acu trína atáirgeadh, trína chóipeáil, trína íoslódáil, trína phriontáil, trí nasc a chur chuige, trína chur in eagar, trína chraoladh, trína dháileadh nó ar shlí eile. Is féidir leat é a úsáid ar mhaithe le d'úsáid phearsanta neamhthráchtála féin.
⚠ 8. Séanadh
Is ar do phriacal féin go hiomlán a fhaigheann tú rochtain ar an suíomh gréasáin seo nó ar a ábhar, nó a úsáideann tú iad, ar aon bhealach. Beidh tú freagrach as aon chaillteanas nó damáiste d'aon ríomhaire, gléas, bogearraí, córais nó sonraí a eascraíonn go díreach nó go hindíreach as an suíomh gréasáin seo nó a ábhar a úsáid, nó as gan a bheith in ann iad a úsáid.
Níl aon dualgas orainn rochtain gan bhriseadh ar an suíomh gréasáin seo a sholáthar. Forchoimeádaimid an ceart srian a chur ar do rochtain ar an suíomh gréasáin seo am ar bith agus ar chúis ar bith.
Ní ráthaímid go mbeidh ábhar an tsuímh ghréasáin seo saor ó earráidí, fabhtanna, péisteanna, capaill Traí nó víris, ná ní dhéanaimid aon léiriú eile maidir le cáilíocht, cruinneas nó iomláine an ábhair atá ar fáil ar an suíomh gréasáin, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, aon luachan praghais, sonraí faoi infhaighteacht stoic nó léirithe neamhchalaoiseacha. Tá tú freagrach as bogearraí cuí a choimeád ar do ríomhaire nó ar do ghléas chun tú a chosaint ar aon earráidí, fabhtanna, péisteanna, capaill Traí nó víris den sórt sin.
A mhéid is iomláine a cheadaítear le dlí, eisiaimid aon dliteanas agus gach dliteanas i do leith a eascraíonn as d'úsáid an tsuímh ghréasáin nó a bhaineann leis na Téarmaí Úsáide seo. Áirítear leis an eisiamh seo, ach gan a bheith teoranta dó, aon chineál damáistí, caillteanas sonraí, ioncaim nó brabúis, nó caillteanas nó damáiste do mhaoin is leatsa nó is le tríú páirtithe, a eascraíonn as an suíomh gréasáin seo nó a ábhar a úsáid.
Níl aon ní sna Téarmaí Úsáide seo ceaptha chun ár ndliteanas i do leith a theorannú maidir le bás nó díobháil phearsanta a eascraíonn as faillí ar ár dtaobh féin nó ar thaobh ár bhfostaithe nó ár ngníomhairí.
↗ 9. Naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí
Féadfaidh an suíomh gréasáin seo naisc a sholáthar chuig suíomhanna gréasáin nó acmhainní eile ar líne atá faoi smacht tríú páirtithe. Ní chuirtear aon naisc den sórt sin ar fáil ach amháin ar mhaithe le d'áisiúlacht féin. Níl aon smacht againn ar ábhar na n-acmhainní tríú páirtí sin. Nílimid freagrach as ábhar suíomhanna gréasáin ar bith a bhfuil naisc chucu, agus ní thacaímid leo ar bhealach ar bith.
↙ 10. Naisc ó shuíomhanna gréasáin tríú páirtí
Ní féidir leat nasc a chur chuig ár suíomh gréasáin ach amháin le cead i scríbhinn uainn roimh ré. Forchoimeádaimid an ceart aon chead den sórt sin a tharraingt siar am ar bith.
㊙ 11. Polasaí príobháideachais
Glacaimid do phríobháideachas agus cosaint do shonraí an-dáiríre. Féadfaimid faisnéis áirithe fút a bhailiú agus/nó a úsáid de réir ár bPolasaí Príobháideachais. Féach, le do thoil, ar ár bpolasaí príobháideachais ar leith chun tuilleadh eolais a fháil.
🤝 12. Comhaontú iomlán
Is iad na Téarmaí Úsáide seo an comhaontú iomlán idir sinn agus tú, agus tagann siad in ionad aon téarmaí, coinníollacha, barántaí nó léirithe a bhí ann roimhe seo, gach ceann acu, a mhéid is iomláine a cheadaítear le dlí.
🇨🇦 13. An dlí is infheidhme
Rialófar an Comhaontú seo le dlíthe Chúige Québec agus le dlíthe cónaidhme Cheanada is infheidhme ann. Beidh dlínse eisiach ag cúirteanna Québec maidir leis na Téarmaí Úsáide seo.